Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Ag obair linne

Má oibríonn tú leis an GBRÁ beidh an deis agat taithí leathan a ghnóthú chun fíordhifríocht a dhéanamh do na húdaráis áitiúla in Éirinn.


Ní chaithfidh gairmeacha bheith aon-toiseach, agus cuideoimid leat teacht ar do chonair féin.

Beag beann ar do ról leis an nGníomhaireacht, féadfaidh tú bheith cinnte go mbeidh tionchar ag do chuid oibre agus go ndéanfaidh sé difríocht ar bhonn náisiúnta, do dhaoine aonair, do ghnólachtaí, agus don phobal i gcoitinne.

Bainisteoir Taighde Ghrád 7

Buan

Maidir leis an ról

Is deis iontach é seo do Bhainisteoir Taighde (Grád 7) a bheith ag obair leis an Aonad Taighde GBRÁ, ina bhfuil Ceannasaí Taighde, beirt Bhainisteoirí Taighde agus Oifigeach Taighde. Beidh an Bainisteoir Taighde ina bhall lárnach den fhoireann taighde agus tuairisceoidh sé go díreach don Cheann Taighde.

Is post maoirseachta meánbhainistíochta é seo sa Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ).  Beidh sé/sí freagrach as bainistiú éifeachtach, stiúradh agus soláthar acmhainní don Aonad Taighde.   Beidh sé/sí freagrach as oibríochtaí laethúla an Aonaid Taighde, lena n-áirítear maoirseacht agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann taighde agus do thaighdeoirí coimisiúnaithe.

Beidh ról tábhachtach aige/aici maidir le clár bliantúil spéisiúil éagsúil d’obair taighde a chur ar fáil agus beidh gá le teagmháil a dhéanamh le comhghleacaithe ar fud na heagraíochta, chomh maith le páirtithe leasmhara seachtracha éagsúla lena n-áirítear foireann an údaráis áitiúil, oifigigh shinsearacha i ngníomhaireachtaí agus ranna rialtais éagsúla, agus páirtithe leasmhara acadúla. 

Beidh ról ag an iarrthóir rathúil maidir leis na Grúpaí Oibre Sonraí a bhunú agus a bhainistiú ar fud príomhréimsí beartais na hearnála. Tá na Grúpaí Oibre Sonraí freagrach do choistí beartais CBCC agus tá na grúpaí seo ina bpríomhstruchtúr ina ndéantar anailís ar shonraí riaracháin chun fianaise a chruthú don earnáil. Oibríonn an Fhoireann Taighde i gcomhar leis an Láraonad Sonraí ar bhonn laethúil lena chinntiú go gcuirtear cláir oibre na nGrúpaí Oibre Sonraí ar fáil.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh go mbeidh ar an mBainisteoir Taighde comhoibriú leis an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchta (CNMI) maidir le táscairí feidhmíochta na hearnála agus ábhair um sheirbhís do chustaiméirí

Ba cheart go mbeadh Bainisteoir Taighde ar a c(h)ompord i dtimpeallacht struchtúrtha agus mheargluaisteach ina gcaithfear cloí leis na spriocdhátaí. Ba cheart go mbeidh sé/sí ina c(h)umarsáidí éifeachtach agus dírithe, agus ba cheart go mbeidh scileanna den scoth aige/aici maidir le sonraí a chur i láthair os comhair páirtithe leasmhara éagsúla agus teagmháil a dhéanamh le daoine eile ar bhealach dearfach. Ba cheart go mbeidh sé/sí dírithe ar mhionsonraí agus go dtuigfidh sé/sí an tábhacht a bhaineann le seiceálacha mionsonraithe cáilíochta a dhéanamh ar gach aschur ón Aonad Taighde chomh maith le próisis agus cinntí a dhoiciméadú.

Beidh ról aige/aici i mbeartas agus straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm laistigh den GBRÁ. Beidh orthu tacú le forbairt bhreise a dhéanamh ar chlár taighde leanúnach i dtaca le beartas agus cleachtas rialtais áitiúil lena n-áirítear:

  • Réimse tuarascálacha taighde d’ardchaighdeán a sholáthar agus a scaipeadh i gcomhairle le páirtithe leasmhara na hearnála.
  • Réimse tuarascálacha d’ardchaighdeán a bhaineann le beartas a sholáthar do na coistí rialtais áitiúil éagsúla.
  • Cúnamh teicniúil agus comhairle a sholáthar do chomhghleacaithe GBRÁ agus do pháirtithe leasmhara comhpháirtíochta maidir le saincheisteanna modheolaíochta agus staidrimh.
  • Grúpaí Oibre Sonraí beartais a bhainistiú lena n-áirítear teagmháil a dhéanamh leis an Láraonad Sonraí GBRÁ chun Doiciméid Riachtanais Ghnó a fhorbairt, deais sonraí a thabhairt chun críche, brí a bhaint as torthaí, torthaí a chur i láthair os comhair páirtithe leasmhara éagsúla, agus scéalta sonraí a fhorbairt.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar bhailiú bliantúil na sonraí do thuarascáil CNMI ar Tháscairí Feidhmíochta Náisiúnta an Rialtais Áitiúil agus tuarascáil earnála a sholáthar.
  • Teagmháil leanúnach leis na coistí beartais CBCC agus CNMI maidir le PTFanna nua an rialtais áitiúil a fhorbairt agus na PTFanna atá ann cheana a leasú.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar bhailiú bliantúil na sonraí um sheirbhís do chustaiméirí trí shuirbhéanna agus trí fhócasghrúpaí, i gcomhar leis an CNMI, agus tuarascáil bhliantúil a sholáthar, agus aschuir agus cláir ghníomhaíochta a scaipeadh go forleathan.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar bhailiú bliantúil na sonraí maidir le PTF um Ghníomhú ar son na hAeráide, tuarascáil a sholáthar agus aschuir a scaipeadh go forleathan chomh maith le teagmháil leanúnach maidir le PTFanna breise a fhorbairt don earnáil.
  • Teagmháil leis an bhFoireann Cumarsáide GBRÁ agus grúpaí éagsúla a dhéanann ionadaíocht don earnáil chun scaipeadh na dtorthaí a uasmhéadú agus a chur chun cinn.
  • Teagmháil straitéiseach le príomhpháirtithe leasmhara sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
  • Ionadaíocht ar choistí náisiúnta agus ballraíocht ar ghrúpaí náisiúnta agus earnála a bhaineann le taighde.
  • Tacú le taighdeoirí agus eagraíochtaí eile chun dul i ngleic leis an earnáil d’fhonn aschuir taighde ábhartha a sholáthar.
  • Naisc a uasmhéadú le hinstitiúidí acadúla, staidrimh agus taighde.

 Dáta deiridh – Déan iarratas roimh 1 i.n. an 7 Meán Fómhair 2025

Role Specification

Application Form

Privacy Statement

Candidate Information Booklet

Riarthóir Feidhmeannach Sealadach Grád 5 – Baineann an ról seo go sainiúil leis an Oifig Bainistíochta Cláir, GBRÁ

Maidir leis an ról

​​​​​​​​​​​​​

Cad a dhéanann an OBC?

Athbhunaíodh an Oifig Bainistíochta Cláir GBRÁ (OBC) in 2020, tar éis athbhreithniú eagraíochtúil na Gníomhaíochta Bainistíochta Rialtais Áitiúil. Agus tacaíocht a thabhairt do dhea-chleachtas maidir le bainistíocht tionscadail ar fud an GBRÁ, tá sé mar aidhm ag an OBC rialachas tionscadail, tosaíochtú, tuairisciú agus luach ar airgead a fheabhsú.

Tá sé mar aidhm ag an OBC a chinntiú go gcuirtear próisis chuí agus láidre a bhaineann le rialachas agus bainistíocht tionscadail atá i bhfeidhm ar fud gach tionscadal GBRÁ. Chomh maith le tacú le tionscadail aonair agus straitéisí bainistíochta a athrú, forbraíonn agus cuireann an OBC caighdeáin agus oibreacha chun cinn chun cumas agus scileanna bainistíochta tionscadail a mhéadú laistigh den GBRÁ.

Agus úsáid a bhaint as an modheolaíocht um bainistíocht tionscadail arna tacú le Grúpa Maoirseachta Athchóirithe na hEarnála Poiblí (GMAEP), tugann an OBC tacaíocht leanúnach do bhainisteoirí tionscadail a dhéanann tionscadail seirbhíse chomhroinnte a chur i bhfeidhm nó a bhunú d’earnáil an rialtais áitiúil. Tacaíonn an fhoireann OBC le tionscadail éagsúla a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar fud sruthanna oibre earnála éagsúla. Ina theannta sin, tacaíonn an OBC le nuálaíocht ar fud earnáil an rialtais áitiúil. Cuireann sé treoir, teimpléid agus ceardlanna ar fáil, cuireann sé straitéis na Roinne Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin ‘Seirbhísí Poiblí Níos Fearr’ chun cinn ar fud na hearnála agus go hinmheánach laistigh den GBRÁ araon. Ina theannta leis an GMAEP, tacaíonn an OBC le grúpaí oibre eile. Tagann na grúpaí seo le chéile ar bhonn rialta, agus tacóidh ról an Riarthóra Feidhmeannaigh leis na grúpaí seo a riar freisin.

Is deis iontach é seo oibriú mar chuid den OBC ina hoibríochtaí laethúla. Beidh an Riarthóir Feidhmeannach freagrach as a c(h)uid réimse oibre, tacóidh sé/sí le tionscadail a chur ar fáil, tabharfaidh sé/sí tacaíocht riaracháin don fhoireann agus cabhróidh sé/sí le cláir oibre a chur i bhfeidhm chun spriocanna agus caighdeáin a leagtar amach sna Colúin i gcoitinne agus i bPleananna na Foirne OBC a bhaint amach.

Role Specification

Application Form

Privacy Statement

Candidate Information Booklet